Éigse Chluain Tarbh 2018

Beidh Éigse Chluain Tarbh 2018 ar siúl ag Clasach, ionad Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (Br. Ailf Uí Bhroin, BÁC 3) ar an Aoine, 18 Bealtaine.

Beidh tús leis an bhféile le fáiltiú, ag tosnú ag 7:30in, agus beidh fíon ar fáil ann freisin. Ag 8 a’ chloig, tabharfaidh Séamus Ó Laochóg, Iarstiúrthóir Cúnta de chuid Met Éireann, Léacht Cuimhneacháin Úna Uí Lachtnáin dar teideal: “An Aeráid ag Athrú”.

Tá costas €7.50 ar an gcead isteach, agus is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoi Éigse Chluain Tarbh trí r.phost a sheoladh chuig sean@nasclegaeilge.org. Freastalaíonn an bus 130 agus stáisiún DART Bhóthar Chluain Tarbh ar an gceantar, agus níl Clasach rófhada ó cheachtar stop.


 

The 2018 Éigse Chluain Tarbh will take place at the Clasach centre on Alfie Byrne Road, on Friday, 18th May. 

The festival will begin with a wine reception at 7:30pm. At 8pm, Séamus Ó Laochóg, former Assistant Director of Met Éireann, will present the Úna Uí Lachtnáin Commemorative Lecture for this year’s Éigse. The title of the lecture will be “An Aeráid ag Athrú” (Climate Change). 

Admittance is €7.50, and more information can be found out about Éigse Chluain Tarbh by e-mailing sean@nasclegaeilge.org. The 130 bus service and nearby Clontarf Road DART station service the local area, and Clasach is not too far from either stop. 

 

Advertisements