Oíche Jack & Sarah

jackmccaffrey (1)
Jack McCaffrey – Image: the42.ie

 

saramccaffrey (1)
Sarah McCaffrey – Image: thesun.ie

Dé hAoine seo caite (16ú Márta) bhí oíche den scoth againn ag CLG Chluain Tarbh.

Bhí agallamh idir RnaG (Micheál Ó Leidhin) agus beirt pheileadóir, Jack agus Sarah McCaffrey (dearthair agus deirfiúir a imríonn leis an gclub céanna). Bhuaigh an bheirt acu boinn Chraobh na hÉireann (the All Ireland medals for senior men and senior women) ag imirt peile do Bhaile Átha Cliath. (Bhíodh a n-athair, Noel, ag imirt do Bhaile Átha Cliath freisin).

Bhí siadsan agus an club an-bhródúil as an mbua. Tá Sarah ina muinteoir, agus tá Jack beagnach críochnaithe lena chuid staidéir ar an leigheas.

Comhgairdeachais don mbeirt, agus áth mór dóibh as seo amach!

Bhí cóisir mhaith againn tar éis an agallaimh, agus bhí Fergal Bracken ag seinm ceoil ar an bhfidil, agus ag canadh. Bhí cúpla duine eile ag canadh freisin, agus bhí beirt ag damhsa (Úna agus Tom!). Buíochas d’Antóin ó Sé as ucht an chuireadh!

Seo thíos cúpla griangraf a bhí tógtha ag Brian De Buitléir ar an oíche. Bain sult astu!

-MDeB

GAA1GAA3

gaa Music1agaa7

gaa bar 1gaa bar 2

Screen shot 2018-03-17 at 22.20.02Screen shot 2018-03-17 at 22.18.25

 

Advertisements